An Blag Beag

Le Haghaidh Cleachtadh mo Ghaeilge

☜ Téigh abhaile   |   An Celtlyver   |   Cló Gaelaċ

18 Nollaig 2025

Ar Tumblr, tá daoine ag déanamh blaganna ag aistriú post sa mBéarla do theangacha eile, agus táim ag iarraidh blag mar sin freisin a dhéanamh, ach tá blaganna Gaeilge, Breatnaise, agus Coirnise cheana féin ann. Mar sin, ba mhaith liom blag Sean-Ghaeilge a dhéanamh! Tá blaganna Sean-Bhéarla, Sean-Lochlainnise, agus Laidin ann mar sin tá daoine ag déanamh blaganna seanteangacha ann. Ach, níl ach Sean-Ghaeilge bhunúsach agam, agus nílim ag iarraidh botún a dhéanamh. Ach dhéanfainn an blag chun cleachtadh, b'fhéidir.

15 Nollaig 2025

Is faoiseamh mór é scríobh sa Nua-Ghaeilge in ionad sa Sean-Ghaeilge, ní chaithfidh mé ceapadh faoi na tuisil sin go léir. Is breá liom Sean-Ghaeilge. Ach. Buíochas le Dia. Tá tuisil sa Nua-Ghaeilge, ar ndóigh, ach tá i bhfad níos lú ag tarlú ann.

Is breá liom Sean-Ghaeilge agus is breá liom a gramadach AGUS tá Nua-Ghaeilge fionnuar agus is faoiseamh é.

13 Nollaig 2025

Thosaigh mé aonad 23 i "Basic Irish" faoi dheireadh!

12 Nollaig 2025

Tá m'obair bhaile Sean-Ghaeilge déanta agam agus thug mé é do mo léachtóir yaayyyyy agus tá m'obair ceart den chuid is mó. Ceapaim go bhfuil Sean-Ghaeilge cheart go leor agam :)

11 Nollaig 2025

Tá mé ag dul ag déanamh an scrúdú CEFR ar TEG agus tá mé ag dul ag feiceáil cé mhéad nár gcuimhnigh mé :')

15 Méan Fómhair 2025

B'fhéidir go mbeidh mé ag déanamh staidéar in Éirinn sa dara seimeastar!! Níor cheap mé go raibh mé abálta, cheap mé nach raibh mé ceadaithe mar chuir mé céist ródhéanach. Caithfidh mé 'brush up on' mo ghaeilge, bhí mé ag déanamh go leor Coirnise le déanaí.

29 Meitheamh 2025

Is iad an Jèrriais agus an Nynorn an chéad teangacha go bhfuil mé ag iarraidh iad a fhoghlaim, b'fhéidir an bhliain seo chugainn nó tar éis sin.

Freisin, ceapaim mba cheart dom an Fhraincis a fhoghlaim. Tá mé ag foghlaim na Gearmáinise, mar is maith liom an teanga agus tá mé ag iarraidh leabhair an Léinn Cheiltigh sa nGearmáinis a léamh. Tá leabhair an Léinn Cheiltigh sa bhFraincis ann freisin, mar sin ceapaim mba mhaith liom iad a léamh freisin.

Mar sin, tá mé ag uasdátú mo liosta teangacha:

Teangacha faoi láthair:

  • Béarla
  • Breatnais
  • Gaeilge
  • Coirnis
  • Albainis
  • Gearmáinis
  • Sean-Ghaeilge

Tá mé ag iarraidh na dteangacha seo a fhoghlaim:

  • Jèrriais
  • Norn/Nynorn
  • Briotáinis
  • Fraincis
  • Sean-Bhéarla

Ceapaim mba mhaith liom céim 'ASNC' (Angla-Shacsanach, Lochlannach, agus Ceiltach) a dhéanamh, ach níl mé ag iarraidh mo bhaile a imeacht, go háirithe níl mé ag iarraidh staidéar i gCambridge (nó Oxford) a dhéanamh. Ach tá céim Angla-Shacsanaigh agus Ceiltigh in Ollscoill Obar Dheathain. Ach ba mhaith liom m'ollscoill agus mo bhaile anois go leor....

30 Bealtaine 2025

Mo phleananna teangacha an tsamhraidh:

Coirnis: Faoi láthair, tá mé ag déanamh cúrsa bun-Choirnise ar líne. Thosaigh sé tús an míosa seo (Bealtaine), agus críochnóidh sé tús mhí Iúil. Ansin, i mí Mheán Fómhair/Deireadh Fómhair tá mé ag iarraidh an chéad rang eile a dhéanamh.

Albainis: Tá mé ag déanamh cúrsa Open University faoi láthair. Tá mé ag iarraidh é a chríochnú roimh mí Mhéan Fómhair.

Gearmáinis: Tá mé ag iarraidh rang Germáinise san ollscoill a dhéanamh, mar chuid den Theastas Ard-Oideachais i Nua-Theangacha. Rinne mé an tSínis i mbliana, ach tá mé ag iarraidh díriú ar Ghearmáinis an bhliain seo chugainn. Níl mé ag iarraidh bun-rang i deanga a dhéanamh arís, mar sin tá súil agam gur féidir liom Gearmáinis a fhoghlaim i m'aonar, agus ansin beidh mé ábalta meán-rang a dhéanamh san ollscoill.

Gaeilge: Tá mé ag iarraidh 'Basic Irish' le Nancy Stenson a chríochnú roimh tús an bhliain acadúil seo chugainn (mar sin, roimh deireadh mhí Mheán Fómhair/tús mhí Dheireadh Fómhair).

Breatnais: Tá mé ag iarraidh léamh níos mó sa mBreatnais. Freisin, beidh mé ag dul go Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise i mí Meithimh mar sin tá mé ag dul ag éisteacht le léachtaí sa mBreatnais.

24 Feabhra 2025

Seo iad mo phleananna le haighaidh foghlaim teangacha an bhliain seo agus an bhliain seo chugainn.

2025:

An bhliain seo, thosaigh mé Sean-Ghaeilge i mí Eanáir, agus déanfaidh mé í an téarma seo (críochnóidh an téarma i mí Bealtaine). Is rang tosaitheoirí é, ach níl mé cinnte an féidir liom an meánrang a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair. Tá mé ag staidéar go páirtaimseartha anois, mar sin tá mé ag déanamh leath mo thríú bliana i 2024/2025, agus ansin tá mé ag déanamh an leath eile i 2025/2026. Níl a fhios agam an féidir liom an meánrang i 2025/2026 a dhéanamh, nó nach foláir dom a fanacht go dtí 2026/2027 (an chéad leath mo cheathrú bliana).

Tá mé ag déanamh Breatnaise agus Gaeilge fós. Tá mé ag déanamh ranganna Breatnaise san ollscoil, agus níl mé ag déanamh ranganna Gaeilge san ollscoil an téarma seo ach téim go ranganna mhic léinn eile. Bíonn mo mhúinteoirí ag múineadh i mBreatnais, mar sin is féidir liom mo Bhreatnais a chleachtadh i ngach rang. Ba mhaith liom rang aistriúchán Breatnaise a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair, agus beidh mé ag dul go na ranganna Gaeilge eile fós.

Tá mé ag déanamh Sínise an téarma seo, freisin. Críochnóidh na ranganna i mí Aibreáin. Ansin, i mí Bealtaine, ba mhaith liom ranganna Coirnise a thosú. Tá na ranganna ar líne. Ní maith liom ranganna ar líne a dhéanamh, ach is fearr liom a bheith ag foghlaim le rang agus múinteoir ná foghlaim i m'aonar. Tosóidh na ranganna i mí Bealtaine agus críochnóidh siad i mí Iúil.

I mí Lúnasa nó mí Mheán Fómhair, ba mhaith liom Albainis a thosú. Rinne mé beagán Albainise cheana féin, ach tá mé ag iarraidh foghlaim i gceart.

2026:

Tá níos lú pleanna i 2026 agam, ach ba mhaith liom a bheith ag foghlaim Gearmáinise agus Jèrriais (Fraincis Geirsí).

08 Eanáir 2025

Tá scrúdú Gaeilge amárach agus ceapaim go mbeidh sé ceart go leor, agus beidh sé scrúdú scríofa ar a laghad agus tá scrúduithe scríofa níos éasca ná scrúduithe cainte, ceapaim.

15 Nollaig 2024

Bhí an scrúdú go maith ceapaim, ach d'úsáid mé "bhí" in áit "beidh", agus chuimnigh mé go ndearna mé an rud céanna sa bpostáil seo. Úps!

11 Nollaig 2024

Bhí scrúdú cainte Gaeilge agam amárach agus níl mé ag súil leis. Ach, ar a laghad ní mbeidh sé ach 10 nóiméad. Ní thaitníonn liom scrúduithe ar chor ar bith, go háirithe scrúduithe cainte.

15 Samhain 2024

Tá go leor ceolchoirmeacha sa mí seo agam agus sa mí seo chugainn. Sheinn mé an basún Dé Domhnaigh sa seirbhís chuimhneacháin. Bhí mé ceaptha a bheith ag seinm an óbó, ach ní raibh an gnáthsheinnteoir basúin abálta seinm mar sin chuir an banna gaothuirlisí ceist orm an raibh mé abálta tabhairt le mo bhasún in áit m'óbó. Ach, ansin cheap siad gur gcaill siad an ceol bileog basúin, mar sin d'inis siad dom tabhairt le m'óbó freisin, ar eagla nach raibh siad abálta fáil é. Ach fuair siad é, mar bhí sé ceart go leor agus sheinn mé an basún sa deireadh.

Beidh ceolchoirm Nollag le mo bhanna gaothuirlisí agam, agus ar laghad dhá cheolchoirm Nollag leis an banna airgid. Agus beidh ceolchoirm leis an cheolfhoireann i mí na Nollag, ach ní mbeidh ceol Nollag ann.

12 Deireadh Fómhair 2024

Táim ar ais ar an ollscoil le dhá sheachtain anois, agus táim ag déanamh ranganna Breatnaise agus Gaeilge an téarma seo. Réitigh mé m'amchlár ollscoile, agus táim ag tnúth le déanamh Sean-Ghaeilge an téarma seo chugainn. Freisin, táim ag seinm an bhasúin agus an choirnéid i ngrúpaí ceoil sa mbaile, agus táim ag seinm an óbó sa mbaile eile. Tá an coirnéad agam le trí lá, agus beidh mé ag tosú ag ar banna práis an tseachtain seo chugainn. Silím gur féidir liom foghlaim go tapa, mar is féidir liom seinm uirlisí eile. Tá an embouchure deacair, ach is féidir liom seinm roinnt nótaí.

28 Meán Fómhair 2024

Táim ag tnúth le tosaigh ar ais ar an ollscoil an tseachtain seo chugainn, ach tá trioblóidí le mo ranganna agam. Tá dhá ó mo ranganna san am céanna ar mo chlár ama, agus b'fhéidir nach ndéanfaidh mé abalta déanamh Sean-Ghaeilge an téarma seo chugainn.

30 Lúnasa 2024

Bhí mé ar laethanta saoire le dhá oíche, agus bhí sé deas ach táim an-tuirseach fós. Cheannaigh mé leabhair suimiúla faoin Léann Ceilteach; leabhar faoi focail Gaeilge i mBéarla Mheiriceá, leabhar faoi focail Lochlannach i dteangacha Breataine agus Éireann, agus leabhar faoi sloinnte Breatnaise. Agus dhá CD; Joplin agus Dvořák.

24 Lúnasa 2024

Táim ag dul ar laethanta saoire amárach!! Níl raibh mé ar laethanta saoire ó 2017. Níl mé ach ag dul uair ar shiúl feadh ar an mbóthar.

22 Lúnasa 2024

Táim an-tuirseach inniu - chuaigh mé go dtí an bhaile inné agus bhi mé amuigh le ró-fhad. Tá mo chorp an-tinn. Táim ag iarraidh oibrigh amach cén chaoi is féidir liom athraigh idir clónna ar an leathanach seo le brúigh cnaipe.

21 Lúnasa 2024

Fáilte go dtí mo bhlag nua le haghaidh cleachtadh mo Ghaeilge!! Is mac léann na Ceiltise mé agus is as Éirinn í mo sheanmháthair, mar sin táim ag foghlaim Gaeilge le cúpla bliain anois, liom féin agus san ollscoil. Níl ionam ach tosaitheoir fós, ach táim ag feabhsú agus is féidir liom rudaí a scríobh anois.